Cathair na Gaillimhe go dtí Inis Mór (Bealach Amháin)

Bain sult as an seoladh ó Chathair na Gaillimhe go dtí an t-oileán is mó d’Oileáin Árann, Inis Mór.

Tá Gaillimh ar cheann de na cathracha is beoga in Éirinn, le saol bríomhar ceoil agus bialanna agus siamsaíocht oíche den scoth. Tá oidhreacht uathúil na Gaillimhe fós ina gné bheo den chathair.

Bí réidh le haghaidh fáilte chroíúil Éireannach ar bord ár mbád farantóireachta agus tóg isteach aer úr na farraige agus tú ag breathnú ar Chuan na Gaillimhe. D’fhéadfaí Inis Mór a chur i gcosúlacht le músaem faoin aer leis na dúnta cloiche a bhfuil clú agus cáil orthu agus na mainistreacha ársa.  Tá gnéithe ar leith ag baint le hOileáin Árann, is iad sin na seisiúin rialta ceoil, an cheardaíocht thraidisiúnta, na curacha farraige agus spiorad iontach fáilteach an Atlantaigh.

Dátaí

Turais lae: 4 Meitheamh - 30 Lúnasa

Amanna

Ag imeacht ó Dhugaí Chathair na Gaillimhe: 9.30rn

In Inis Mór (Céibh Chill Rónáin): 11rn

Praghsanna

Duine Fásta: €30.00

Mac Léinn: €25.00

Duine Aosta: €25.00

Leanbh: €15.00

Clostreoir

Íoslódáil do Chlostreoir don turas seo ag Podchraoltaí Apple agus/nó Spotify sula dtéann tú ar bord.

Báid

Tabhair faoi deara le do thoil go dtabharfaidh ceann ar bith den chúig bhád atá againn chuig do cheann scríbe tú. Ní féidir a chinntiú go rachaidh bád farantóireachta áirithe ar bhealach áirithe ag am ar bith.

An bhfuil ceist agat?

Féach ar na Ceisteanna a Chuirtear go Minic agus ar ár bPolasaí Aisíocaíochta ANSEO.

Book Online Route Map

Imeacht i gCathair na Gaillimhe ag 9.30rn sa lá

Itinerary
09:30 Imeacht Dugaí Cathrach na Gaillimhe
11:00 Sroich Inis Mór (Cé Kilronan)
Roghnaigh líon na dTicéad
?
€35.00 (an ticéad)
? Baineann táille dhuine aosta le haon duine 65+
€30.00 (an ticéad)
? Baineann táille mic léinn le haon duine 13+ atá ag dul faoi oideachas go lánaimseartha (taispeántar cárta aitheantais reatha agus na ticéid á mbailiú)
€30.00 (an ticéad)
? Leanaí faoi bhun 5 bhliana d'aois saor in aisce (ní mór glaoch chun spás a chur in áirithe)
€25.00 (an ticéad)
? Manual Bike Transfer (Non-Electric Bicycles Only)