Baineann na Ceisteanna Thíos lenár Seoltaí as Ros an Mhíl.

Féach ANSEO do Cheisteanna a Chuirtear go Minic maidir lenár mBusbhealach nua i Lár na Cathrach.

 

An féidir carr a pháirceáil ag Calafort Ros an Mhíl?

Tá páirceáil ar fáil ar an gcé ar chostas €7 ar feadh 24 uaire an chloig. Níl sé riachtanach nó indéanta páirceáil a chur in áirithe roimh ré mar go bhfuil fuílleach áiteanna páirceála ar fáil. Osclaítear an dara carrchlós le linn an bhuaicshéasúir nó le linn amanna a bhfuil éileamh breise ann.

 

An féidir carr a thabhairt isteach ar an oileán?

Níl aon bháid farantóireachta gluaisteán ag dul go dtí na hoileáin. Is do phaisinéirí coise amháin na báid farantóireachta chuig Oileáin Árann. Tá comhlacht lastais eile ann a fheidhmíonn bád lastais ó Dhuga na Gaillimhe trí lá sa tseachtain. Déan teagmháil le 'Lasta Mara Teo' ag 091 562900.

 

Cén t-am is ceart duit a theacht i láthair chun dul ar bord an bháid?

Má tá tú ag taisteal ar an mbus tointeála ba cheart duit a bheith ansin chun bordáil 90 nóiméad ar a laghad roimh am imeachta an bháid farantóireachta. Má tá tú ag tiomáint chuig an gcalafort ba cheart duit a bheith ansin 30 nóiméad ar a laghad sula seolann an bád.

 

An gceadaítear madraí ar an mbád?

Ceadaímid madraí ar an mbád farantóireachta ach ní mór iad a bheith ar iall agus ní mór iad a choinneáil taobh amuigh ar deic i gcónaí.

Chomh maith leis sin, cuireann na Rialacháin um Rialú Madraí 1998 rialacháin breise i bhfeidhm i leith na bpórtha sonracha madraí seo a leanas.

Ní mór na madraí atá ar an liosta seo a leanas nó tréithchineálacha agus madraí crosphóraithe a bheith ar iall nach mbíonn níos faide ná dhá mhéadar agus ní mór béalóga daingne a bheith orthu.

Pórtha Rialaithe

 

An gceadaítear madraí a thabhairt ar an mbus tointeála?

Ní iompraítear madraí ar na busanna tointeála murar madraí treorach atá i gceist. Iarraimid ar phaisinéirí atá ag taisteal le madra treorach teagmháil a dhéanamh linn roimh ré sa chás gur mian leo an tseirbhís bus tointeála a úsáid, ionas gur féidir linn a chinntiú go gcuirtear cóiríocht chompordach ar fáil dóibh.

 

An féidir rothair a thabhairt ar an mbád?

Is spás teoranta atá againn do rothair ar an mbád farantóireachta, mar sin molaimid duit spás a chur in áirithe roimh ré nuair atá do thicéad don bhád farantóireachta á chur in áirithe agat. Is €15.00 (€8.00 bealach amháin) an costas a bhaineann le turas fillte do rothar caighdeánach. Ní iompraímid aon Rothar Leictreach/Innealta, nó rothair atá os cionn

15kg meáchain. Ní mór do phaisinéirí atá ag iompar rothair tarscaoileadh a shíniú nuair atá siad ag déanamh áirithint chun an rothar a thabhairt ar an mbád. Tabhair ar aird gur féidir rothair a fháil ar cíos in Inis Mór freisin le Aran Bike Hire ar chostas €20pp in aghaidh an lae

 

An gceadaítear rothar a thabhairt ar an mbus tointeála?

Mar a tharlaíonn, ní féidir rothar a iompar ar na busanna tointeála.

 

An bhfuil mé in ann cuairt a thabhairt ar na trí oileán in aon lá amháin?

Faraor, ní féidir cuairt a thabhairt ar gach ceann de na trí oileán in aon lá amháin. Bíonn 2-3 uaire an chloig ar a laghad i gceist le cuairt sciobtha a thabhairt ar cheachtar de na hoileáin, mar sin bheadh lá amháin róghearr le cuairt a thabhairt ar gach ceann de na trí oileán. Molaimid beagán taighde a dhéanamh ar ár láithreán gréasáin i ndáil le gach oileán agus oileán a roghnú ionas go mbeidh deis agat dul ag spaisteoireacht. Is féidir leat teacht ar ais agus cuairt a thabhairt ar na hoileáin eile am eile!

 

An gá dom an ticéad a phriontáil?

Sa chás gur cheannaigh tú do thicéad/ticéid ar líne, seolfar deimhniú áirithinte chugat. Mar gheall go bhfuilimid ag aistriú ó pháipéar go ríomhthicéid, lean na treoracha ar do dheimhniú áirithinte, mar go bhféadfadh siad a bheith éagsúil ó thaobh seirbhísí difriúla agus táthar á dtabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach le linn na tréimhse aistrithe seo.

 

Cad a tharlaíonn sa chás nach seolann an bád mar gheall ar dhrochaimsir?

Ina leithéid sin de chás, beifear lánsásta an ticéad a athrú le taisteal lá eile nó aisíoc iomlán a thabhairt duit.

 

Cad is ceart dom a thabhairt liom?

Molaimid go dtabharfá ceamara, bróga compordacha, seaicéad báistí, sciath ghréine (is in Éirinn atá tú ach ní bheadh a fhios agat!) agus beagán airgead tirim. Ní ghlacann roinnt gnólachtaí ar na hoileáin le cárta nó tá polasaí maidir le híoschaiteachas i bhfeidhm acu.

 

An bhfuil aon bhád farantóireachta ag imeacht as Cathair na Gaillimhe?

Fágann, tá bád farantóireachta ann ó fhágann ó Chathair na Gaillimhe agus a théann chuig an oileán is mó d’Oileáin Árann, Inis Mór. Fágann ár gcuid báid farantóireachta go díreach ó Chathair na Gaillimhe go séasúrach agus seolann go hInis Mór agus chuig Aillte an Mhothair ó Aibreán go Meán Fómhair.

 

An féidir ticéad a cheannach ar an gcéibh/ag an mbád?

Molaimid go láidir duit do chuid ticéid a chur in áirithe roimh ré, go háirithe idir Aibreán agus Deireadh Fómhair. Bíonn na báid farantóireachta lán ar bhonn rialta. Ag brath ar líon na ndaoine a chuireann ticéid in áirithe roimh ré, beimid in ann báid farantóireachta bhreise a eagrú agus criú breise a eagrú, mar sin féin, níl sé sin indéanta má bhíonn daoine ansin ar an lá féin agus gan ticéid curtha in áirithe acu.

 

Bealach isteach do chathaoireacha rothaí

Táimid ag feidhmiú ó phontúin snámha i Ros an Mhíl agus ó ché cloiche ar gach aon cheann de na trí oileán. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach ón deic chéanna ar ar tháinig siad isteach ar an mbád a bheadh paisinéirí ag dul i dtír.

Ciallaíonn sé seo nach mbíonn ar ár gcumas i gcónaí paisinéirí i gcathaoireacha rothaí a iompar ag brath ar thaoidí ag am taistil.

Déan teagmháil linn roimh ré ar 091-568903 nó ar ríomhphost ag info@aranislandferries.com ionas go mbeidh sé ar ár gcumas cúrsaí taoide a mheas agus comhairle a chur ort dá réir sin.

Cén áit a bhféadfainn fanacht ar Oileáin Árann nó i gCathair na Gaillimhe?

Déan tagairt do na leathanaigh seo a leanas maidir le lóistín ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Taispeántar liosta d’Óstáin/Brúnna i nGaillimh ar ár leathanach nasctha agus taispeántar iompar a bhféadfá leas a bhaint as áit ar bith ar fud na tíre.

Cén polasaí aisíocaíochta atá agaibh?

Cuirimid polasaí aisíocaíochta solúbtha ar fáil agus is féidir teacht ar an bpolasaí sin anseo.