Please see our flexible refund policy here. All customers will receive a full refund when cancelling a booking 24 hours prior to travel time. Be first to know what's happening on the Aran Islands by signing up to our newsletter.

X
Book Online

Inis Mór

More

Inis Mór - Tá Inis Mór, mar a cheapfá ón ainm, ar an gceann is mó de thrí oileán Árann. Síneann sé siar ó thuaidh trasna Chuan na Gaillimhe. Tá fad 12km ann agus leithead 3km. Tá Inis Mór mar a bheadh iarsmalann ann amuigh faoin aer le breis is 50 séadchomhartha faoi leith ón ré réamh-Chríostaíochta, ó ré na luath-Chríostaíochta agus gnéithe den oidhreacht Cheilteach.  Tá gnéithe suntasacha geolaíochta ar an oileán chomh maith, ina measc Poll na bPéist, poill séidte agus roinnt de na haillte is sceirdiúla san Eoraip

40 nóiméad a thógann an turas farraige go hInis Mór.

A, Cill Rónáin an príomhchalafort agus an baile is mó ar an oileán agus is ann a fhaigheann an chuid is mó de na cuairteoirí an chéad bhlas ar Inis Mór. Tá forbairt mhór tagtha ar Chill Rónáin le deich mbliana anuas agus is baile beag bríomhar é le cuid mhór d'áiseanna nua-aimseartha na linne seo ar aon láthair le seanbhealaí maireachtála agus sean-nósanna cultúir. Mar gheall ar mhainistir a bheith ann fadó ag Naomh Rónán ainm an bhaile. I gCill Rónáin atá an chuid is mó de na siopaí, de na tithe ósta, na tithe lóistín, na brúnna, na bialanna ar an oileán chomh maith leis an óstán agus seirbhísí eile, mar shampla, rothair ar cíos, oifig an phoist, oifig eolais do thurasóirí agus an banc.

B. Dún Eochla Dún breá cloiche suite san áit is airde ar Inis Mór. Tá na ballaí taobh istigh tuairim is 5 mhéadar ar airde agus tiús níos mó ná 3 mhéadar iontu. Tá sé suite in áit chomh breá agus coinnithe chomh maith agus gur cheart aird níos mó air ná mar a bhíonn. Tá amharc beagnach as gach taobh ar fud an oileáin ón dún.  Meastar gur am éigin idir 550 agus 800 A.D. a rinneadh Dún Eochla.

F. Na Seacht dTeampall Seo an t-ainm a thugtar ar sheanbhallaí dhá shéipéilín, roinnt toibreacha beannaithe, reilig agus árais cónaithe san áit a mbíodh mainistir fadó ag N. Breacán. Seo é an sampla is fearr de láthair mainistreach in Inis Mór.

Bhíodh tábhacht mhór leis an oileán mar láthair oilithreachta san am a caitheadh agus is comhartha ar an tábhacht sin iarsmaí trí cinn de sheanchrosa arda cloiche ón dara céad déag a bheith ar fáil ann. Is mór an feall gur bhris saighdiúirí Chromaill an chros a bhíodh ag na Seacht dTeampall sa seachtú aois déag. D'úsáid siad an chloch don obair chóiriúcháin a bhí siad a dhéanamh ar an gcaisleán ina raibh beairic acu. Sa séipéal ag Teaghlach Éinne atá iarsmaí na gcrosa eile.

G. Dún Eoghanachta Ar an gceann thiar den oileán i mbaile Eoghanachta atá an dún seo suite ó dheas den Sruthán. Balla ciorclach amháin dhá shraith atá ann agus é breá ard. Tá seanbhallaí taobh istigh a bhaineann le clocháin.  Treibh de chuid na Muimhneach na hEoghanachta a raibh baint acu leis an oileán i rith ré na meánaoise.

H. Dún Aonghasa Dún cloiche atá i nDún Aonghasa atá suite san áit is airde (300tr.) leis na haillte ar an taobh ó dheas den oileán; tá amharc glan as seo síos le cósta thiar na hÉireann. Áirítear Dún Aonghasa ar na suíomhanna réamhstairiúla is tábhachtaí in Iarthar na hEorpa; tá sé ina shéadchomhartha náisiúnta ó dheireadh an naoú céad déag agus déanann na Seirbhísí Oidhreachta é a chaomhnú. Thángthas ar fhianaise, nuair a bhí tochailt ar siúl le tamall anuas ann, go raibh an duine i mbun oibre anseo níos mó ná dhá mhíle go leith bliain ó shin. Tá achar 14 acra faoin dún, agus trí chró sa chuid istigh, ceann seachtrach, ceann láir agus an ceann istigh le trí cinn de bhallaí leathchiorclacha amach go barr na haille.  Taobh amuigh den chró láir, tá gnéithe daingniúcháin, sraith leathan de ghalláin cloiche (chevaux de fries) ar mhaithe leis an dún a chosaint. 

I. Poll na bPéist Poll nádúrtha atá anseo, bíodh is go bhfuil cruth dronuilleoige air, ar chósta theas an oileáin in aice le Dún Aonghasa. De réir mar a bhíonn an taoide ag tuile is ag trá, ritheann sáile aníos as pluais atá in íochtar. Tar éis oibriú na farraige ar an gcaoi seo leis na cianta, tá an chloch caite sa chaoi is go bhfuil sruthanna beaga le taobh an phoill, mar a bheadh easanna beaga ina sciortaí leis. Nuair a bhíonn an taoide ag tuile is fearr amharc air sin, nó nuair a bhíonn oibriú mór i bhfarraige.  Is féidir bealach a dhéanamh go Poll na bPéist ag siúl barr na haille as Dún Aonghasa nó is féidir a theacht ón taobh eile má leantar na comharthaí as baile beag Ghort na gCapall.

J. Dún Dúchathair  Tá Dún Dúchathair míle go leith siar as Cill Éinne ar bhealach na n-aillte. Is dócha gurbh é an dún ba mhó ar an oileán é uair amháin cé gur lú anois é ná Dún Aonghusa. Baineann cuairteoirí, ina dhiaidh sin, taitneamh as an gciúnas ann i gcomparáid le Dún Aonghusa.  Síltear gurb í an aolchloch, atá níos dorcha sa chuid seo den oileán, is bun leis an ainm.  Tá árais cónaithe, de chineál a dtugtar clochán orthu, taobh istigh de bhalla sraithe an dúin.

K. Teampall Bheanáin Áitítear gurb é an séipéal seo, suite ag breathnú amach os cionn Chuan Cill Éinne agus bhailte Chill Rónáin agus Chill Éinne, an séipéal is lú ar domhan, 3.7m x 1.8m. Tá seanbhallaí an tséipéil, nach bhfuil ceann air níos mó, suite ar an gceann thoir d'Inis Mór agus is breá an sampla é den chineál is sine de shéipéil na luath-Chríostaíochta in Éirinn. Thuaidh theas ais an tséipéil seo -- i gcodarsnacht leis an suíomh soir siar a thugtar ar fhoirgnimh na Críostaíochta go hiondúil -- ó tharla é tógtha in áit gharbh rite. Tá fuinneog bheag ar an taobh thiar.  Tá seanbhalla caisil in aice láimhe, mar atá áras cónaithe agus clochán beag ar dhéanamh coirceoige.

L. Teaghlach Éinne Séipéal beag, leathchlúdaithe le gaineamh atá i dTeaghlach Éinne. Tá sé suite i reilig Chill Éinne ar an gceann thoir theas den oileán. Tá reilig anseo le 1,500 bliain ar a laghad agus is í príomhreilig an oileáin í go fóill. Is ann atá N. Éinne curtha, naomhphátrún Inis Mór a cailleadh thart ar an mbliain 535 A.D.

Bhíodh airde tuairim is 35 méadar sa chlogtheach an tráth a ndearnadh é sa naoú céad. Rinneadh dochar dó in aimsir Chromaill agus bhuail tintreach é ina dhiaidh sin arís. Ceithre mhéadar atá ann faoi láthair.

Láithreacha Stairiúla

Clochán na Carraige: Déanamh coirceoige a bhíonn ar an gclochán, agus ábhar cloiche atá ann. Cé go bhfuil siad coitianta go maith ar fud an oileáin, is é an ceann sa Sruthán in aice le Cill Mhuirbhigh, an ceann is fearr atá coinnithe. Théadh manaigh áirithe, a dtugtaí díthreabhaigh orthu, ina gcónaí sna clocháin seo, scoite amach ón gcuid eile den ord, más ag cur a gcuid peiríocha féin é nó mar gheall ar phionós a ghearradh orthu.

Teampall Chiaráin Tá Teampall Chiaráin, nó Mainistir Chiaráin, suite siar ó thuaidh as Cill Rónáin, gar don bhóthar go Cill Mhuirbhigh. I rith an dara céad déag a tógadh an séipéal/mainistir in ómós do Chiarán agus is furasta cuairt a thabhairt ar na seanbhallaí. Is iad na doirse agus na fuinneoga cúnga na gnéithe is suntasaí de bhallaí an teampaill. An stíl eatramhach a thugtar ar an stíl ailtireachta seo.  Tá clog gréine ársa agus tobar beannaithe suite ar fhearann na heaglaise mar atá leacracha éagsúla a bhfuil crosa greanta orthu i stíl an dara céad déag.  Tá tuama seomra ó ré na réamhstaire suite cóngarach don séipéal.

Caisleán Aircín Ar an taobh ó dheas de Chuan Chill Éinne atá ballaí an túrthí seo. Is dócha gurb é John Rawson a thóg an túrtheach, is air a bhronn Eilís I na hoileáin sa bhliain 1588. Dhaingnigh an Tiarna Clann Riocaird an túrtheach d'fhonn arm Chromaill a shárú ach fuair siadsan greim air sa bhliain 1652, gabhadh ar ais uathu é agus ghabh siad arís é sa bhliain 1653.

Gnéithe Geolaíochta Réimse aolchloiche boirne atá sa chuid is mó den oileán, gaolta le Boireann an Chláir soir ón oileán seachas leis an gcloch eibhir i gConamara. Cruthaíodh an aolchloch, a bhaineann leis an Ré Charbónmhar Íochtarach, de réir mar a bhí sileadh ag tarlú i gceantar farraige trópaiceach tuairim is 350 milliún bliain ó shin agus gur tharla an t-ábhar a bhrú ina shraitheanna le hábhar iontaise, coiréal, crionóideach, cuáin mara agus amóinítí. Le hoibriú an oighir nuair a bhí an ré Namúrach caite, tharla lomadh níos tréine.  Fágann sin uilig Oileáin Árann ar cheann de shárshamplaí an domhain maidir le taobh tíre Oighearshrutha agus Boirne.

Tránna

Tá tránna breátha ar Inis Mór atá glan slán. Tá Trá Chill Mhuirbhigh (Bratach Ghorm), soir ó thuaidh ó Dhún Aonghasa, ar cheann de na tránna is breátha ar Oileáin Árann.  Tá an trá nádúrtha suite i gcuan foscúil agus is álainn an áit é le snámh san uisce íonghlan.  Tá cáil ar an trá agus ar bhaile Chill Mhuirbhigh mar gur ar an láthair a rinneadh an scannán faisnéise cáiliúil Man of Aran sa bhliain 1934 faoi stiúir Robert J. Flaherty. Tá tithe ceann tuí a tógadh le haghaidh an scannáin, ar a dtugtar (ní nach ionadh) The Man of Aran Cottages, suite siar ón trá le bia agus tá bialann agus lóistín ar fáil iontu sa lá atá inniu ann.

Modhanna Iompair

Tá trí mhodh iompair ar fáil ag cuairteoirí ar an oileán.

Tá na modhanna seo a leanas ar fáil as Cill Rónáin:

Rothar ar Cíos 

Rothar a thógáil ar cíos an deis iompair is coitianta ar an oileán. Bíonn níos mó ná 1,000 ar fáil ag céibh Chill Rónáin a ligeann do chuairteoirí dul timpeall an oileáin de réir mar is maith leo féin. Tá réimse leathan roghanna ann, rothar le córas crochta d'fhir agus do mhná, rothar cathrach, rothar do bheirt, athrothar ceangailte, leantóir agus rothar do leanaí. Cuirtear clogaid agus glais ar fáil saor ó tháille.

Turas i Mionbhus

Tá comhlachtaí éagsúla a thairgeann turas i mionbhus ar an oileán. De dhúchas an oileáin na treoraithe ar fad agus eolas cuimsitheach acu ar stair an oileáin, ar na plandaí, ar na hainmhithe agus ar an éanlaith. Leanann an turas tuairim is 2.5 - 3 uair a chloig le huair a chloig amháin stoptha ag Dún Aonghasa. €15.00 an duine an gnáthchostas ar thuras (bíonn rátaí speisialta ar fáil ag grúpaí). Bíonn na mionbhusanna ar fáil le seirbhís tacsaí a chur ar fáil níos moille tráthnóna. 

Inis Mór Tours

Aran Bus Tours

Pónaí agus Trap

Bhíodh pónaí agus trap ar na bealaí iompair ag muintir an oileáin agus bíonn deis ag cuairteoirí sin a thriail iad féin ar a theacht isteach ar an gcéibh dóibh. Tá carranna capaill ar fáil ar féidir idir beirt agus ochtar a iompar orthu. De dhúchas an oileáin na daoine a oibríonn na trapanna agus tá siad eolasach, lán le scéalta faoi shaol an oileáin.

Lóistín

Tá lóistín de chineálacha éagsúla ar fáil ar an oileán, óstáin, leaba agus bricfeasta, crónna glampála agus brúnna óige. Tá teorainn ina dhiaidh sin féin le líon na seomraí agus leapacha atá ar fáil agus moltar áit a chur in áirithe tamall maith roimh ré.

Tugtar liosta thíos de na háiseanna lóistín atá ar fáil ar an oileán

  • Aran Camping and Glamping, Frenchman's Beach, Kilronan, Inis Mór. Tel: 086 189 5823
  • Claí Bán B&B, Cill Rónáin, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61111
  • Ard Éinne, Cill Éinne, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61126
  • Pier House, Céibh Chill Rónáin, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61417
  • Seacrest B&B, Baile Chill Rónáin, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61292
  • Teach Ceann Tuí ar cíos (féinfhreastal) ar fáil
  • Bayview Self-Catering Apartments, Cill Rónáin. Teil: 091 562278
  • Óstán Árann, Cill Rónáin, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61104
  • Dormer House B&B, Cill Rónáin, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61125
  • Kilmurvey House, Cill Rónáin, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61218
  • Kilronan Hostel, Cill Rónáin, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61255
  • An Crugán B&B, Cill Rónáin, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61150
  • Tigh Fitz, Cill Éinne. Teil: 099 61213
  • Ard Mhuiris B&B Teil: 099 61208
  • Radharc na Céibhe B&B, Cill Rónáin, Inis Mór, Árainn. Teil: 099 61297
  • An Réalóg B&B, Mainistir, Inis Mór, Árainn. Teil: 087 2036051

Bia/Bialanna 

Imeachtaí

Eagraítear cuid mhór féilte agus imeachtaí i rith na bliana ar Inis Mór, roinnt mhaith acu a bhaineann go sainiúil leis na hoileáin, mar shampla an Pátrún.

An Pátrún a thugtar ar an bhféile bhliantúil in Árainn chun ceiliúradh a dhéanamh ar naomhphátrún gach ceann de na hoileáin. Bíonn spraoi agus spórt ar siúl, le himeachtaí traidisiúnta don uile aoisghrúpa, rásaí bád (báid seoil agus curacha), snámh, comórtais do leanaí ar an trá, tarraingt téide, rásaí asal, ceol agus damhsa ar an tseanchéibh. An deireadh seachtaine deireanach de mhí Meithimh a bhíonn an fhéile ar siúl le ceiliúradh ar chultúr agus ar shean-nósanna Árann i rith na mblianta atá caite.

Cúrsaí Oidhreachta

Geansaí Árann

As Oileáin Árann a tháinig an geansaí cáiliúil a fheictear ag an dream is mó i gceist i gcúrsaí faisin, mar shampla Mulberry nó Michael Kors. Chniotáladh mná na n-oileán na geansaithe do na fir, lena sábháil ón doineann agus iad i mbun feirmeoireachta agus iascaireachta. Choinníodh na geansaithe olla uisce amach agus ligidís aer amach ionas go raibh insliú iontach iontu in aghaidh na haimsire. Bhíodh pátrúin éagsúla in úsáid do na geansaithe, a chiall féin le gach ceann agus cosúlacht acu go minic le healaín na gCeilteach mar a fheictear i láithreacha Neoiliteacha de leithéid Bhrú na Bóinne, Co. na Mí.  Ní mar a chéile na pátrúin a úsáidtear agus ceanglaítear cinn áirithe go dlúth le teaghlaigh faoi leith.  Tá cuid mhór le tuiscint uathu ag daoine ar eol dóibh na comharthaí. Ba mhinic gur ó na geansaithe a aithníodh corp iascaire a cuireadh i dtír tar éis a bháite ar an bhfarraige.  Tá clár oifigiúil de na pátrúin stairiúla curtha le chéile agus is féidir sin a fheiceáil ag an Aran Sweater Market ar Inis Mór.

Teanga

Gaeilge an chéad teanga ag muintir an oileáin; ach tá siad ar fad dátheangach. Tá Inis Mór ar cheann de na háiteanna is tréine ina maireann an Ghaeilge agus tagann na céadta dalta scoile bliain i ndiaidh bliana chuig na Coláistí Gaeilge ar an oileán le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.  Nuair a bhí arm Chromail in Éirinn agus ar an oileán i rith an seachtú céad déag, cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge agus ba é an Béarla an teanga oifigiúil.  Ainneoin na bagartha, lean na hOileánaigh orthu ag labhairt i nGaeilge eatarthu féin agus mhair an teanga.  Is ábhar mórtais an teanga ag muintir an oileáin agus is í a labhraítear chomh mór céanna idir na daoine óga.

Iascaireacht

Bhí tábhacht riamh le hiascaireacht ag muintir an oileáin. Níorbh fhéidir cuid mhór bia a shaothrú de thalamh lom aolchloiche ach bhíodh an flúirse éisc i gcónaí le fáil ar an bhfarraige.

Le cladach a dhéantar an chuid is mó den iascaireacht in Árainn anois ach déantar roinnt freisin i gcuracha (na seanbháid iomartha) agus is féidir iad sin a fheiceáil thart le cósta an oileáin. Tugtar cineálacha éagsúla éisc i dtír, ina measc Trosc, Faoitín, Ronnach, Anglait, Deoraí, Mangach agus Gliomach agus Cloicheán de réir an tséasúir.

 

Ceol

Bíonn tóir go fóill ar cheol traidisiúnta ar an oileán agus is minic a bheadh seisiún ar siúl i dteach ósta nuair a thagann cuairteoir isteach.

Cultúr

Ainneoin ar cuireadh rompu de chruatan an tsaoil le blianta fada anuas, chloí muintir na n-oileán go dlúth le cultúr sainiúil agus modh saoil faoi leith na nÁrainneach. Is mór a spreag cultúr agus saol Árann daoine mór le rá den lucht scríbhneoireachta, scannánaíochta agus ealaíne, mar shampla John Millington Synge, Robert Faherty agus Máirtin Ó Direáin na háite féin, gan ach an beagán a lua

Tugtar cuntas san ionad oidhreachta (Ionad árann) ar an saol crua a bhí ag muintir an oileáin ag streachailt lena gcuid a shaothrú ar fheirmeacha beaga ar thalamh aolchloiche nó ar fharraigí contúirteacha an Atlantaigh agus feicfear a fhianaise sin go forleathan ar fud an oileáin ar na leaca cuimhneacháin in ómós dóibh siúd a bádh. Feictear freisin samplaí den húicéir agus de na báid seoil a bhíodh coitianta in Árainn agus i gContae na Gaillimhe chomh maith leis an gcurach, an bád iomartha a d'úsáideadh muintir an oileáin.

Léirítear bun agus barr an tsaoil in Árainn agus an streachailt a bhí ar mhuintir an oileáin a dhéanamh leis an talamh agus leis an bhfarraige i gceantar fiáin in The Man of Aran, scannán ar chaith Robert Faherty dhá bhliain ina bhun i rith na 1930idí.

Féilte/Patrún/rásaí bád

An Pátrún a thugtar ar an bhféile gach bliain le ceiliúradh a dhéanamh ar an Naomh atá ina phátrún ar gach ceann de na hoileáin. Bíonn spraoi agus spórt ar siúl ar Lá an Phátrúin, le himeachtaí do dhaoine de gach aois, rásaí bád (báid seoil agus curacha), snámh, comórtais do leanaí ar an trá, tarraingt téide, rásaí asal, ceol agus damhsa ar an gcéibh. An deireadh seachtaine deireanach i mí an Mheithimh a bhíonn an fhéile ar siúl agus déantar ceiliúradh ar chultúr agus ar shean-nósanna Árann.

Plandaí

Mar gheall go ritheann Sruth na Murascaille cóngarach don oileán, tá an aeráid measartha agus sin ina chúis le meascán i rith na bliana ar fad d'fhásra Alpach agus d'fhásra Meánmharach. I rith an earraigh agus tús an tsamhraidh, bíonn bláthanna fiáine ag fás go flúirseach taobh istigh de bhallaí cloiche ar na bánta, an áit lán le dathanna agus boladh na mbláthanna.

Bíonn gnáthchineálacha d'fhásra na hÉireann, mar shampla an méaracán gorm, cab an ghasáin, an tseamair chapaill, an nóinín mór agus an mórán, coitianta, chomh maith le réimse de chineálacha Artacha, mar shampla ‘dryas octopetala’, agus de chineálacha Alpacha, mar shampla ‘gentiana verna’ agus ‘minuartia verna’.

Tránna

Tá tránna breátha ar Inis Mór atá glan slán. Tá Trá Chill Mhuirbhigh (Bratach Ghorm), soir ó thuaidh ó Dhún Aonghasa, ar cheann de na tránna is breátha ar Oileáin Árann.  Tá an trá nádúrtha suite i gcuan foscúil agus is álainn an áit é le snámh san uisce íonghlan.  Tá cáil ar an trá agus ar bhaile Chill Mhuirbhigh mar gur ar an láthair a rinneadh an scannán faisnéise cáiliúil Man of Aran sa bhliain 1934 faoi stiúir Robert J. Flaherty. Tá tithe ceann tuí a tógadh le haghaidh an scannáin, ar a dtugtar (ní nach ionadh) The Man of Aran Cottages, suite siar ón trá le bia agus tá bialann agus lóistín ar fáil iontu sa lá atá inniu ann.

X
Cookies on our website:
By clicking "Accept all", you agree to the storing of cookies on your device to deliver and maintain our website core services, analyze site usage and assist in our marketing efforts, including advertising personalisation. Choose "Manage Cookies" to pick specific cookies you're okay with or to change your preferences.,
Accept All Manage Cookies ?