Téarmaí & Coinníollacha

Bí i láthair ag geata an bháid farantóireachta 30 nóiméad roimh am imeachta an bháid.

Má tá tú ag dul ar an mbus tointeála, is ceart a theacht i láthair ag an mbus-stad ar a laghad 90 nóiméad roimh an am a n-imíonn an bád. Fágann an bus ó Victoria Place i Lár na Cathrach.

Moltar do phaisinéirí uair an chloig a thabhairt dóibh féin chun tiomáint ón gCathair chuig an gCéibh (fágann muid ó Chéibh Ros an Mhíl - céibh 37 ciliméadar siar ó lár Chathair na Gaillimhe).

Ní mór am breise a thabhairt duit féin chun páirceáil ag an gcéibh (más gá).

Déanfaimid teagmháil leat ar ríomhphost má thagann athrú ar bith ar an am seolta.

D'fhéadfadh athrú a theacht ar sceidil seolta gan fógra mar gheall ar dhrochaimsir nó ar choinníollacha eile.

Aisíocaíochtaí

Tá aisíoc iomlán ar fáil má chuirtear seoladh ar ceal de bharr dhroch-choinníollacha farraige nó aimsire, nó is féidir leat taisteal ar an gcéad seoladh eile má roghnaínn tú sin a dhéanamh.

Ní dhéanfar aon aisíoc má chuirtear áirithintí ar ceal laistigh de 24 uair roimh am seolta.

Ní thabharfar aon aisíoc má dhéantar áirithint agus má chuirtear ar ceal é laistigh de 24 uair roimh am seolta.

Ní dhéanfar aisíocaíochtaí a thabhairt do ghrúpaí (10 nduine ar a laghad) a chuireann áirithintí ar ceall laistigh de 48 uair.

Pas Saorthaistil

Faoin Scéim Saorthaistil, is féidir le duine atá os cionn 66 bliana d'aois, ar a bhfuil cónaí go buan sa Stát, taisteal saor ó tháille ar sheirbhísí iompair áirithe.

Sa chás go bhfuiltear i dteideal Pas Saorthaistil a fháil agus go bhfuil tú pósta, is féidir leat Pas Saorthaistil a fháil a ligeann do do chéile a theacht in éineacht leat saor in aisce nuair a bhíonn an bheirt agaibh ag taisteal in éineacht.

D'fhéadfadh go bhfuil tú i dteideal Pas Compánaigh Saorthaistil sa chás go ndeimhnítear mar gheall ar mheasúnacht leighis, nach bhfuil tú ábalta taisteal i d'aonar. Le pas den chineál sin, ceadaítear do dhuine amháin, 16 bliana d'aois nó os a chionn, taisteal saor in aisce nuair atá tusa ag taisteal i gcomhluadar leis/léi.

Leis an té atá ainmnithe ar an bPas Saorthaistil amháin an pas sin a úsáid, ní féidir leat ligean do dhuine eile é a úsáid.

Ní mór an Pas Saorthaistil a bheith ar fáil le scrúdú ag oibritheoir an bháid sular féidir leat taisteal saor in aisce.

D'fhéadfadh go mbeadh gá agat féin agus ag do chéile / compánach atá ag taisteal in éineacht leat cruthúnas aitheantais a thaispeáint ag an ngeata bordála, trí shampla de do shíniúchán / bhur gcuid síniúchán agus/nó cáipéis aitheantais le grianghraf a thaispeáint.

D'fhéadfadh go ngabhfaí Pas Saorthaistil agus go gcuirfí ar ais chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí é sa chás go bhfuil cúis mhaith lena mheas go bhfuil úsáid mí-chuí á baint as.

Sa chás go bhfuil aon eolas breise uait maidir lena bhfuil thuas is féidir leat breathnú ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaíwww.welfare.ie nó téigh chuig ceann dá gcuid oifigí ina gcoinnítear cóip iomlán de na téarmaí & coinníollacha.

Leanaí

Leanaí idir 5 bliana d'aois agus 12 bhliain d'aois atá i gceist le táille linbh. Tugtar leanaí faoi 5 bliana d'aois ar an mbád saor ó tháille ach ní mór an turas a chur in áirithe roimh ré ar an bhfón nó i gceann de na hoifigí.

Mic Léinn 

Le duine os cionn 12 bliana d'aois atá ag tabhairt faoi oideachas go lánaimseartha a bhaineann táille mic léinn. Ní mór do mhic léinn tríú leibhéal cárta aitheantais reatha a thaispeáint.