Cathaoireacha Rothaí

Ceanglaítear le pontúin snámha i Ros an Mhíl agus le céibheanna cloiche ar na hoileáin. Dá thoradh sin, d'fhéadfadh nach ón deic chéanna ar ar tháinig siad isteach ar an mbád a bheadh paisinéirí ag dul i dtír.

Fágann sin nach féidir i gcónaí, ag brath ar an taoide tráth an turais, paisinéir atá i gcathaoir rothaí a iompar.

Cuir glaoch roimh ré le do thoil ar 091-568903 nó cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig info@aranislandferries.com ionas gur féidir linn scrúdú a dhéanamh ar chúrsaí taoide agus comhairle chruinn a chur ort.