BÁD

As Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe, turas bóthair tuairim is 1 uair an chloig as Cathair na Gaillimhe a imíonn na báid.

  Ticéad Fillte Báid Ticéad Singil Báid
Duine Fásta €30 €17
Mac Léinn €25 €14
Duine Aosta €25 €14
Leanbh €15 €10
Pas Saorthaistil Féach Thíos Féach Thíos

Le leanaí idir 5 bhliana d'aois agus 12 bliana d'aois a bhaineann táille linbh. Tugtar leanaí faoi 5 bhliana d'aois ar an mbád saor ó tháille ach ní mór an turas a chur in áirithe roimh ré ar an fón nó i gceann de na hoifigí.

Le duine os cionn 12 bliana d'aois atá ag dul faoi oideachas go lánaimseartha a bhaineann táille mic léinn. Ní mór do mhic léinn tríú leibhéal cárta aitheantais reatha a thaispeáint. Is é an táille iomlán an praghas a léirítear.

 

BUS TOINTEÁLA

Cuirtear seirbhís tointeála bus, idir Cathair na Gaillimhe agus críochfort an bháid i Ros an Mhíl, ar fáil maidir le gach turas sceidealaithe báid (féach an tráthchlár). Fágann an Bus tointeála Aran Island Ferries ó shráid na Banríona in aici leis an bhFaiche Mhór (féach an mapa). Ní mór don té nach n-úsáideann an tseirbhís tointeála bus modh eile taistil a shocrú.

  Ticéad Fillte Bus Ticéad Singil Bus
Duine Fásta €9 €5
Mac Léinn €8 €4.50
Duine Aosta €8 €4.50
Leanbh €6 €3.50
Pas Saorthaistil Féach Thíos Féach Thíos

Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil do thicéid san áireamh ar do dheimhniú áirithinte mura bhfuil tú ag taisteal ar Phas Saorthaistil (FTP). Ní mór do shealbhóir FTP a dticéid a bhailiú ó cheann dár n-oifigí i gCathair na Gaillimhe. Tabhair am breise sa bhuaic shéasúr le do thoil.

Moltar duit a bheith i láthair ag an mbus-stad 20 nóiméad roimh am imeachta an bhus.

Ní féidir rothar, peata ná lastas a iompar ar an mbus.

ROTHAIR

Tá spás teoranta againn do rothair ar an mbád farantóireachta agus mar sin molaimid duit an spás a chur in áirithe linn agus do thicéad farantóireachta á chur in áirithe agat. Is é €15.00 (€8.00 bealach amháin) an costas a bhaineann le haistriú fillte ar rothar caighdeánach láimhe) ó Rossaveel. Ní iompraíonn muid aon Rothar Leictreach/Mótair, ná rothair a mheáchan os cionn 20kg. Ní mór do phaisinéirí a iompraíonn rothair tarscaoileadh a shíniú sula gcuirtear in áirithe iad.

PASANNA SAORTHAISTIL

Faoin Scéim Saorthaistil, is féidir le duine atá os cionn 66 bliana d'aois, ar a bhfuil cónaí go buan sa Stát, taisteal saor ó tháille ar sheirbhísí iompair áirithe. Baineann na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas leis an Scéim:

  • Sa chás go bhfuiltear i dteideal Pas Saorthaistil a fháil agus go bhfuil tú pósta, is féidir leat Pas Saorthaistil a fháil a ligeann do do chéile a theacht in éineacht leat saor in aisce nuair a bhíonn an bheirt agaibh ag taisteal in éineacht.
  • D'fhéadfadh go bhfuil tú i dteideal Pas Compánaigh Saorthaistil sa chás go ndeimhnítear mar gheall ar mheasúnacht leighis, nach bhfuil tú ábalta taisteal i. d'aonar. Le pas den chineál sin, ceadaítear do dhuine amháin, 16 bliana d'aois nó os a chionn, taisteal saor in aisce nuair atá tusa ag taisteal i gcomhluadar leis/léi.
  • Leis an té atá ainmnithe ar an bPas Saorthaistil amháin an pas sin a úsáid, ní féidir leat ligean do dhuine eile é a úsáid.
  • Ní mór an Pas Saorthaistil a bheith ar fáil le scrúdú ag oibritheoir an bháid sular féidir leat taisteal saor in aisce.
  • D'fhéadfadh go mbeadh gá agat féin agus ag do chéile / compánach atá ag taisteal in éineacht leat cruthúnas aitheantais a thaispeáint ag geata an chríochfoirt, trí shampla de do shíniúchán / bhur gcuid síniúchán agus/nó cáipéis aitheantais le grianghraf a thaispeáint.

 D'fhéadfadh go ngabhfaí Pas Saorthaistil agus go gcuirfí ar ais chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí é sa chás go bhfuil cúis mhaith lena mheas go bhfuil úsáid mí-chuí á baint as.

 

Tugtar chun aire nach seolann Aran Island Ferries ticéid ná dearbháin ar an bpost. Is féidir ticéid agus dearbháin a bhailiú ag na hoifigí ticéid sula dtugtar an turas