Inis Oírr an ceann is lú agus is faide soir d'oileáin Árann. Achar níos lú ná trí chiliméadar cearnach atá ann agus is aoibhinn an áit é ag lucht siúlóide, saor ó thruailliú carranna, lán le radharcanna breátha agus le plandaí suntasacha nach bhfásann in aon áit eile in Éirinn ach ar an oileán agus i gceantar Bhoirne.  Tá an baile beag suite díreach in aice le trá gheal a bhfuil cnocán ar cheann di agus seandún agus ballaí caisleáin suas uaithi. 

Atmaisféar mar a bheadh i mbaile beag iascaireachta atá ar an oileán, curacha, eangacha agus potaí gliomaigh le feiceáil thall agus abhus,  Tá tithe ósta, bialanna agus caiféanna ar an oileán chomh maith le cáil an cheoil agus siamsa na hoíche. 

55 nóiméad a thógann an turas farraige go hInis Oírr.

Ionad Ealaíne agus Cultúir

Cuireadh Áras Éanna, ionad ealaíne agus cultúir an oileáin, ar bun sa bhliain 2000 i monarcha fíodóireachta a tógadh ar dtús sa bhliain 1982. Ionad ealaíne de chuid na linne seo atá in Áras Éanna agus clár ealaíontóirí cónaitheacha ar bun d'ealaíontóirí cuairte as Éirinn agus tíortha thar lear a chaitheann tréimhse suas le ceithre mhí san áit agus a chuireann a gcuid saothair ar taispeáint. Tá amharclann san ionad freisin a mbíonn scannáin, ceolchoirmeacha agus drámaí ar siúl ann go rialta.  Cuirtear scannáin cartlainne ar taispeáint i rith an lae. 

Modhanna Iompair

Turas Mionbhus

Tá comhlachtaí éagsúla a thairgíonn turas i mionbhus ar an oileán. De dhúchas Inis Oírr na treoraithe ar fad agus eolas cuimsitheach acu ar stair an oileáin, ar na plandaí, ar na hainmhithe agus ar an éanlaith.  Leanann an turas tuairim is uair a chloig agus stoptar ag na suíomhanna is tábhachtaí ar an oileán.  Tugtar na cuairteoirí ar ais ansin go dtí príomhbhaile an oileáin agus is féidir leo siúl go dtí na suíomhanna is gaire do láthair. 

Rothar ar Cíos 

An rothar an bealach is fearr le dul timpeall an oileáin.   Is furasta castáil le daoine ar an mbealach agus tuiscint níos fearr a fháil ar shaol an oileáin.   Is féidir rothair sléibhe de mhéideanna éagsúla a thógáil ar cíos ar ráta maith in aghaidh an lae nó in aghaidh na seachtaine.  Tugtar mapa saor in aisce leis an rothar a bhfuil suíomhanna uile an oileáin marcáilte air. 

Pónaí & Trap 

Is féidir pónaí agus trap den seanchineál a fhostú ar an gcéibh ar a theacht den bhád duit nó a iarraidh ar fhear an trap tú a thógáil agus tú ar cheann de chosáin chasta an oileáin.  De dhúchas an oileáin féin na tiománaithe cairdiúla a inseoidh duit faoin oileán agus a fhreagróidh aon cheist a bhíonn le cur agat faoi shaol an oileáin.  Is álainn an bealach seo leis an oileán a fheiceáil agus níl bealach is fearr le teacht ag an teach lóistín ná le capall is carr.

Lóistín

Tá teorainn le líon na seomraí agus na leapacha ar an oileán ach tá réimse éagsúil ar fáil. Is féidir le daoine ar thuras beagchostais taitneamh a bhaint, ar phraghas réasúnta, as atmaisféar bríomhar an bhrú nua-aimseartha dea-chóirithe. Tá réimse tithe lóistín agus aon óstán amháin ar fáil ar an oileán chomh maith.

Tugtar liosta thíos de na háiteanna ina bhfuil lóistín leaba agus bricfeasta ar fáil ar an oileán.

Tigh Ruairí Teil: 099 75002

Radharc na Mara (Leaba agus Bricfeasta/Brú) Teil: 099 75024

The Shamrock Teil: 099 75088

Óstán Inis Oírr Teil: 099 75020

Cúrsaí Oidhreachta 

Ionad Ealaíne agus Oidhreachta atá in Áras Éanna agus é suite i seanmhonarcha fíodóireachta ar Inis Oírr. Tá amharclann/pictiúrlann le 75 suíochán san ionad, trí dhánlann, caifé, oifigí ghnólacht aistriúcháin “Cleas Teoranta”, chomh maith le ceardlann caoladóireachta agus ceardlann cuilteála. Ó osclaíodh Áras Éanna sa bhliain 2000, bhí taispeántais ag roinnt d'ealaíontóirí léiriúcháin agus coincheapadóireachta na hÉireann in Áras Éanna, chomh maith le ceoltóirí, aisteoirí agus oirfidigh móra eile a bheith ar an stáitse ann. Tá stiúideo/árasán neamhspleách ceangailte leis an ionad freisin a mbíonn an-éileamh air ag Ealaíontóirí Cónaitheacha.

Plandaí

Mar gheall go ritheann Sruth na Murascaille cóngarach don oileán, tá an aeráid measartha agus sin ina chúis le meascán i rith na bliana ar fad d'fhásra Alpach agus d'fhásra Meánmharach. I rith an earraigh agus i dtús an tsamhraidh, bíonn bláthanna fiáine ag fás go flúirseach taobh istigh de bhallaí cloiche ar na bánta, an áit lán le dathanna agus boladh na mbláthanna. Bíonn gnáthchineálacha d'fhásra na hÉireann, mar shampla an méaracán gorm, cab an ghasáin, an tseamair chapaill, an nóinín mór agus an mórán, coitianta, chomh maith le réimse de chineálacha Artacha, mar shampla ‘dryas octopetala’, agus de chineálacha Alpacha, mar shampla ‘gentiana verna’ agus ‘minuartia verna’.

Teanga

Gaeilge an chéad teanga ag muintir an oileáin; ach tá siad ar fad dátheangach. Tá Inis Oírr ar cheann de na háiteanna is tréine ina maireann an Ghaeilge agus tagann na céadta dalta scoile bliain i ndiaidh bliana chuig na Coláistí Gaeilge ar an oileán le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.  Nuair a bhí arm Chromail in Éirinn agus ar an oileán i rith an seachtú céad déag, cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge agus ba é an Béarla an teanga oifigiúil.  Ainneoin na bagartha, lean na hOileánaigh orthu ag labhairt i nGaeilge eatarthu féin agus mhair an teanga.  Is ábhar mórtais an teanga ag muintir an oileáin agus is í a labhraítear chomh mór céanna idir na daoine óga.

Iascaireacht

Bhí tábhacht riamh le hiascaireacht ag muintir an oileáin. Níorbh fhéidir cuid mhór bia a shaothrú de thalamh lom aolchloiche ach bhíodh an flúirse éisc i gcónaí le fáil ar an bhfarraige. Fishing has always been an important activity to the islanders.

Le cladach a dhéantar an chuid is mó den iascaireacht in Árainn anois ach déantar roinnt freisin i gcuracha (na seanbháid iomartha) agus is féidir iad sin a fheiceáil thart le cósta an oileáin. Tugtar cineálacha éagsúla éisc i dtír, ina measc Trosc, Faoitín, Ronnach, Anglait, Deoraí, Mangach agus Gliomach agus Cloicheán de réir an tséasúir

Imeachtaí

Eagraítear cuid mhór féilte agus imeachtaí i rith na bliana ar Inis Oírr, roinnt mhaith acu a bhaineann go sainiúil leis na hoileáin, mar shampla an Pátrún agus an Cleasathon.

An Pátrún a thugtar ar an bhféile bhliantúil in Árainn chun ceiliúradh a dhéanamh ar naomhphátrún gach ceann de na hoileáin. Bíonn spraoi agus spórt ar siúl, le himeachtaí traidisiúnta don uile aoisghrúpa, rásaí bád (báid seoil agus curacha), snámh, comórtais do leanaí ar an trá, tarraingt téide, rásaí asal, ceol agus damhsa ar an gcéibh. An deireadh seachtaine deireanach de mhí Meithimh a bhíonn an fhéile ar siúl le ceiliúradh ar chultúr agus ar shean-nósanna Árann i rith na mblianta atá caite.  Féach leathanach na n-imeachtaí maidir le féilire imeachtaí ar gach ceann de na hoileáin. 

Tugtar liosta thíos d'imeachtaí bliantúla:

Cleasathon - Márta/Aibreán

Craiceann – Meitheamh

Féile Scannánaíochta Inis Oírr – Iúil

Féile na gCloch - Meán Fómhair

Ionaid Stairiúla 

Caisleán Uí Bhriain 

I Ré na Meánaoise, faoi cheannas mhuintir Uí Bhriain a bhíodh oileáin Árann. Ba mhór an tábhacht a bhí leis na hoileáin maidir le smacht ar na bealaí isteach is amach Cuan na Gaillimhe agus, dá réir sin, ba mhinic coimhlint mar gheall orthu idir dreamanna éagsúla. 

Faoi mhuintir Uí Bhriain a bhí an caisleán go dtí an bhliain 1582 nuair a chuir na Flathartaigh as Conamara amach iad. Bhí dreamanna éagsúla sa gcaisleán idir sin agus an bhliain 1652 nuair a géilleadh oileáin Árann d'arm Chromaill.  Is féidir le turasóirí an lae inniu cuairt a thabhairt ar bhallaí an chaisleáin agus ar an túrtheach atá suite gar don phointe is crochta ar an oileán.  Is suntasach an radharc seanbhallaí an chaisleáin crochta os cionn an bhaile agus an chalafoirt. 

Dún Formna 

Dún Formna, an dún ar mhullach an chnoic, an t-aon dún is eol dúinn a bheith ar Inis Oírr. Tá an dún thart ar Chaisleán Uí Bhriain thuas ar an gcnoc ach le ré i bhfad níos luaithe a bhaineann an dún, circa 400RC.

Tá an dún éagsúil leis na dúnta ar an hoileáin eile ó thaobh é a bheith taobh le haon bhalla amháin gan aon ardán, modh tógála níos simplí ná na cinn eile.  D'fhéadfadh gur mar sin a rinneadh ó thús é nó d'fhéadfadh gur cuireadh athrú cuma ar an seandún an tráth ar tógadh an caisleán. 

Cnoc Raithní 

Tá Cnoc Raithní ar cheann de na láithreacha réamhstairiúla is suntasaí ar an oileán. Tá sé suite gar don bhaile agus don chalafort. Carnán cloch atá ann agus is iomaí cuairteoir nach dtuigfeadh gur seanláthair ársa adhlactha atá ann a bhfuarthas iarsmaí seandálaíochta agus luaithreach créamtha ann ó ré chomh fada siar le 1500BC. 

Teampall Chaomháin

Teampall Chaomháin an séipéal a ainmnítear in ómós do naomhphátrún an oileáin. Tá uaigh Chaomháin ar an láthair freisin, faoin talamh, agus níl feiceáil uirthi ón mbóthar. Is iondúil gá leis an ngaineamh séidte a ghlanadh den uaigh gach bliain tar éis stoirmeacha an gheimhridh. 

Síltear go mba deartháir N. Caomhán le N. Caoimhín, an té a bhunaigh an mhainistir bhreá i nGleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin, agus go mba é N. Éinde in Inis Mór a oide. Is é N. Caomhán naomhphátrún Inis Oírr. Déantar ceiliúradh ar lá féile an naoimh ar an 14 Iúil nuair a thagann muintir an oileáin ag an Aifreann ag an séipéal beag seo. 

Cill Ghobnait 

Tá Cill Ghobnait sa chuid thiar den oileán. Tá dealbh aolchloiche, le Eileen Mac Donagh, taobh amuigh den láthair. Ar an láthair féin, tá séipéilín beag Theampall Ghobnait, dhá leac thuama, clochán coirceoige agus crann troim atá beannaithe. Ionad oilithreachta atá anseo, an áit ar tháinig N. Gobnait ina cónaí go hInis Oírr ó cheantar Bhoirne. 

Seanlong bhriste an Plassey

Tá ceann de na láithreacha neamhghnácha is mó a mbíonn tarraingt na ndaoine air in Inis Oírr ar cheann de na hionaid is nua chomh maith. Ar an gceann is faide soir den oileán atá an long bhriste.  Long lastais a bhíodh sa Plassey a chuaigh ar charraig in aice le hInis Oírr ar an 8 Márta 1960.  Níor cailleadh aon duine ag an am, a bhuíochas do mhuintir an oileáin a chuaigh i mbaol a mbáite iad féin le theacht i gcabhair ar na mairnéalaigh ar bord na loinge.  Chuir farraigí arda colainn na loinge níos faide isteach ar na carraigreacha ina dhiaidh sin agus is mór an t-iontas do chuairteoirí go minic an áit a bhfuil sé triomaithe anois.  Feictear radharc anuas ar an long bhriste ag tús an chláir teilifíse Father Ted. 

Loch Mór 

Tá Loch Mór, an t-aon loch fíoruisce ar an oileán, le taobh an bhóthair ar an mbealach chuig an Plassey. Tá an ceantar thart ar an loch ar cheann de na réimsí is áille agus is suaimhní ar an oileán.

Tránna 

Tá trá fhada gheal ar aghaidh an bhaile is mó ar an oileán. Tá an t-uisce glan, sábháilte le haghaidh snámha, agus is annamh a bhíonn slua ar an trá.  Bíonn garda tarrthála ar dualgas i rith an lae ar feadh an tsamhraidh.  Is deas an rud, iascaireacht le slat agus dorú a dhéanamh ón gcéibh nó leis an gcósta nuair a bhíonn an taoide istigh. Is furasta ronnach a fháil nuair a thagann an séasúr i rith an tsamhraidh