Inis Meáin, mar a thuigfí ón ainm, an t-oileán atá i lár báire idir an péire eile. Is ar an talamh ard, mar a bhfuil foscadh i lár an oileáin agus ag déanamh ar an tseanchéibh, is mó atá cónaí. 

Éiríonn le hInis Meáin cur isteach ón saol nua-aimseartha a sheachaint ar bhealaí go leor agus tá sé ar an oileán is suaimhní agus is sean-nósaí. Téann cáil an oileáin i bhfad is i gcéin mar gheall ar an éadach traidisiúnta a chaití agus ar an gceangal le daoine den aos liteartha. Tá céibh bhreá nua ar an gceann ó thuaidh den oileán, rud a fhágann gur furasta dul isteach is amach ar an oileán anois. 

Tá bóithríní casta ag dul anonn is anall ar fud an oileáin, ón ard clochach ar an taobh ó dheas go dtí an trá chiúin leis an gcósta thuaidh. Tá foscadh ar na bealaí agus ar na cosáin seo ó na ballaí arda cloiche.  

Fásann bláthanna fiáine ar fud na háite agus tá seanionaid cónaithe ón luathré aniar le feiceáil ó áit go chéile sa taobh tíre aolchloiche de chineál na boirne. Inis Meáin an áit is fearr ar fad le haghaidh sos ó ghleo agus ó chlampar na linne.

50 nóiméad a thógann an turas farraige go hInis Meáin.

Modhanna Taistil

Turas i Mionbhus

Tá comhlachtaí éagsúla a chuireann turas i mionbhus ar fud an oileáin ar fáil. De dhúchas an oileáin na treoraithe ar fad agus eolas cuimsitheach acu ar stair an oileáin, ar na plandaí, ar na hainmhithe agus ar an éanlaith.  Leanann an turas tuairim is dhá uair go leith nó trí huaire a chloig agus stoptar ag na suíomhanna is tábhachtaí ar an oileán. 

Rothar ar Cíos

Ar an tseanchéibh, tuairim is 40 nóiméad siúlóide ón gcéibh nua, atá ionad na rothar ar cíos go fóill. I rith an tsamhraidh, tugann an comhlacht na rothair ar leantá go dtí an chéibh nua.  Taobh amuigh den phríomhshéasúr turasóireachta, moltar rothair a chur in áirithe roimh ré ionas go mbíonn siad ar fáil le bailiú ar an gcéibh nua. 

Siúlóid Walking

Dhá mhíle faid agus dhá mhíle leithid atá in Inis Meáin, rud a fhágann gur furasta é a shiúl.  Tá slite siúlóide agus cosáin fhoscúla ar fud an oileáin a bhfuil aillte sceirdiúla agus radharcanna iontacha le feiceáil uathu.  Is féidir na mbealaí coisíochta a fháil anseo. 

Lóistín

Tá teorainn leis an líon seomraí agus leapacha atá ar fáil ar an oileán. Is féidir le cuairteoirí fanacht ar phraghas réasúnta i dtithe lóistín atá nua-aimseartha dea-chóirithe.  Níl aon bhrú in Inis Meáin faoi láthair.  Tá gradaim go leor gnóthaithe ag Inis Meáin Restaurant and Suites, tearmann ciúin príobháideach arna rith ag Ruairí agus Marie-Thérèse de Blacam ina ndéantar ceiliúradh ar shaol an oileáin. 

Tugtar sonraí comhfhreagrais thíos do na háiseanna lóistín ar an oileán:

Lóistín atá ar fáil ar Inis Meáin

An Dún B&B Teil: 099 73047

Creig Mór Teil: 099 73012

Inis Meáin Restaurant & Suites Teil: 086 8266026

Tigh Congaile Teil: 099 73085

Cúrsaí Oidhreachta

Geansaí Árann

As Oileáin Árann a tháinig an geansaí cáiliúil a fheictear ag an dream is mó i gceist i gcúrsaí faisin, mar shampla Mulberry nó Michael Kors. Chniotáladh mná na n-oileán na geansaithe do na fir, lena sábháil ón doineann agus iad i mbun feirmeoireachta agus iascaireachta.  Choinníodh na geansaithe olla uisce amach agus ligidís aer amach ionas go raibh insliú iontach iontu in aghaidh na haimsire.

De réir mar is mó an tóir atá ar éadach cniotáilte de stíl an iascaire le blianta anuas, tá seanstíleanna Inis Meáin, agus an dul chun cinn a bhaineann leo, ar na lipéid is mó le rá ar fud an domhain.

Déantar na geansaithe nua a chniotáil le snáth de na cineálacha is breátha atá ar fáil – olann, caismír, olann alpaca, línéadach agus síoda ó na muilte is fearr san Eoraip agus i Meiriceá Theas.  Bíonn muir agus talamh de spreagadh leis na dathanna de réir mar a fheictear gnéithe den taobh tíre agus na séasúir. Tá réimse leathan de bhaill éadaigh éagsúla ar fáil i seomra taispeántais na monarchan in Inis Meáin agus bíonn lascaine ar fáil ag cuairteoirí. San iarsmalann a théann leis an monarcha, tugtar cuntas ar bhunús na bpátrún éagsúil i ngeansaithe Árann agus ar a bhfuil de bhrí leo.  Tá gnéithe eile cuimhneacháin a bhaineann le stair an oileáin sa mhonarcha freisin, dealbh cré-umha de John Millington Synge san áireamh.

Plandaí

Mar gheall go ritheann Sruth na Murascaille cóngarach don oileán, tá an aeráid measartha agus sin ina chúis le meascán i rith na bliana ar fad d'fhásra Alpach agus d'fhásra Meánmharach. Is é an toradh a bhíonn air sin, taobh tíre donn glas le réimse suntasach bláthanna, mar shampla magairlín, an bainne bó bleachtáin, an ceadharlach, réimsí den rabhán, an féithleán, an méaracán gorm, an briúlán, an crobh dearg agus cineálacha eile.

Gaeilge an chéad teanga ag muintir an oileáin; ach tá siad ar fad dátheangach.  Tá Inis Meáin ar cheann de na háiteanna is tréine ina maireann an Ghaeilge agus tagann na céadta dalta scoile bliain i ndiaidh bliana chuig na Coláistí Gaeilge ar an oileán le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.  Nuair a bhí arm Chromail in Éirinn agus ar an oileán i rith an seachtú céad déag, cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge agus ba é an Béarla an teanga oifigiúil.  Ainneoin na bagartha, lean na hOileánaigh orthu ag labhairt i nGaeilge eatarthu féin agus mhair an teanga.  Is ábhar mórtais an teanga ag muintir an oileáin agus is í a labhraítear chomh mór céanna idir na daoine óga

Bhí tábhacht riamh le hiascaireacht ag muintir an oileáin. Níorbh fhéidir cuid mhór bia a shaothrú de thalamh lom aolchloiche ach bhíodh an flúirse éisc i gcónaí le fáil ar an bhfarraige. 

Le cladach a dhéantar an chuid is mó den iascaireacht in Árainn anois ach déantar roinnt freisin i gcuracha (na seanbháid iomartha) agus is féidir iad sin a fheiceáil thart le cósta an oileáin. Tugtar cineálacha éagsúla éisc i dtír, ina measc Trosc, Faoitín, Ronnach, Anglait, Deoraí, Mangach agus Gliomach agus Cloicheán de réir an tséasúir

Imeachtaí

Eagraítear cuid mhór féilte agus imeachtaí i rith na bliana ar Inis Meáin, roinnt mhaith acu a bhaineann go sainiúil leis na hoileáin, mar shampla an Pátrún agus comórtas Inis ''Iron'' Meáin.

An Pátrún a thugtar ar an bhféile bhliantúil in Árainn chun ceiliúradh a dhéanamh ar naomhphátrún gach ceann de na hoileáin. Bíonn spraoi agus spórt ar siúl, le himeachtaí traidisiúnta don uile aoisghrúpa, rásaí bád (báid seoil agus curacha), snámh, comórtais do leanaí ar an trá, tarraingt téide, rásaí asal, ceol agus damhsa ar an tseanchéibh.  An deireadh seachtaine deireanach de mhí Meithimh a bhíonn an fhéile ar siúl le ceiliúradh ar chultúr agus ar shean-nósanna Árann i rith na mblianta atá caite.  Féach leathanach na n-imeachtaí maidir le féilire imeachtaí ar gach ceann de na hoileáin.

Imeachtaí bliantúla ar Inis Meain:

Darkness into Light Inis Meáin (siúlóid 5km ar mhaithe le Pieta House) – Bealtaine

Rásaí Báid Seoil - Mí Iúil Rásai Báid Seoil - July

Rásaí na nOileán ( Patrún ) - Deireadh Seachtaine Lá Saoire Bainc Mhí Lúnasa 

Inis ''Iron'' Meáin - Mí Márta 

Cluichí Cad - Lá Fhéile Pádraig (Cluiche Traidisiúnta Inis Meáin)

Ionaid Stairiúla

Teach Synge

Sa bhliain 1898 a thosaigh John Millington Synge ag tarraingt ar Inis Meáin. Comhairle ó chara leis, an scríbhneoir W.B. Yeats, a thug air cuairt a thabhairt ar an oileán agus fuair sé spreagadh in Inis Meáin do chuid mhór dá chuid saothair próis agus dá chuid drámaíochta.  Bhí meas ag Synge ar an nádúr agus an teacht aniar a bhí i muintir Inis Meáin agus ar a gcuid sean-nósanna.  De réir thuairim chuid mhaith, tá Riders to the Sea (1904) ar an tragóid aon ghníomh amháin is fearr a scríobhadh i rith an 20ú aois agus tá an obair mháistreachta The Playboy of the Western World (1907) le háireamh ar an saothar atá ceangailte lena chuid cuairteanna freisin. Bríd agus Páidín Mac Donnchadha a chuir cóir ar J.M Synge an chéad turas a thug sé ar an oileán. 

Tá caoi mar a bhíodh curtha ag Theresa, iníon garpháiste leo, ar an teach agus bíonn iarsmalann beag ann oscailte i rith an tsamhraidh. Tugtar léargas tábhachtach do chuairteoirí ar an teach sin ar an saol a bhí ag Synge ar an oileán.

Suíochán Synge 

Cloch gharbh atá sa suíochán atá suite ar an iargúil ar an gceann thiar den oileán. Tá an t-ionad faire suite ar bharr aille agus torann ó na maidhmeanna i Sunda Ghríora ag bualadh in aghaidh na haolchloiche thíos faoi.  Tá sé mar a bheadh cathaoir mhór ann, le leac réidh trasna ina lár, agus amharc iontach as ar Inis Mór agus anonn go Conamara.  Thaitníodh le Synge a theacht go minic ann agus d'fhaigheadh sé spreagadh ón áit. This circular structure is constructed of rough stone and is located on the isolated western edge of the island. The lookout lies at the edge of a sheer limestone cliff with the surf from Gregory's Sound booming below. Resembling a large chair, with a flat stone at the centre, it offers spectacular views of Inis Mór and Connemara, and was a favorite viewing spot and place of inspiration for Synge.

Dún Chonchúir

Dún mór i gcruth uibhe atá i nDún Chonchúir é 227ft faoi 115ft agus suas le 20ft in airde in áiteanna. Tá sé crochta os cionn an taobh tíre agus amharc iontas as ar Inis Meáin agus ar na hoileáin ar gach aon taobh.

Dún Fearbhaí

Dún Fearbhaí an dara dún is mó ar an oileán, suite suas ón gcéibh. Is díol suntais maidir leis an dún seo an cruth neamhghnách atá air, é beagnach cearnógach nuair ba choitianta go mór cruth níos rabhnáilte.  B'fhéidir gur ionad faire ar fhaitíos go n-ionsófaí an dún a bhíodh sna hardáin taobh istigh leis na ballaí nó d'fhéadfadh gur le haghaidh searmanais iad.  Dún Fearbhaí is the second largest stone fort on the island, and overlooks the main pier. 

Séipéal Mhuire gan Smál 

Tá cáil ar an séipéal mar gheall ar na fuinneoga breátha gloine dhaite arna ndearadh ag stiúideo Harry Clarke, chomh maith leis an altóir, arna dhearadh ag James Pearse, athair Phádraic Mhic Phiarais. Sa bhliain 1939 a tógadh an séipéal seo.  Bhí an seanséipéal roimhe sin ann ón gcúigiú aois déag agus aistríodh cuid mhaith de bhaill an tséipéil as sin, mar shampla an t-umar baiste i gcúl an tséipéil, umar an uisce coisricthe, an clogtheach agus an chros os cionn dhoras an tséipéil. 

Teampall na Seacht Mac Rí

Bhíodh tábhacht le Teampall na Seacht Mac Rí tráth maidir le hoilithreacht chuig an áit. Cé gur beag atá fágtha anois de na ballaí, léitear an tAifreann ann uair sa bhliain ar an 15 Lúnasa.  Tá uaigh N. Cinndearg agus tobar beannaithe ar an láthair. Ón seachtú aois an uaigh.