NA DAOINE & NA BÁID

Le muintir Uí Bhriain an comhlacht, teaghlach a bhfuil ceangal dlúth acu le hÁrainn ó thosaigh siad ag tarraingt mhóna ann i dtús an fichiú aois.

Bhíodh Paddy O’Brien, comhbhunaitheoir Aran Island Ferries, ag obair ina fhoirneoir sa 'Tónaí', bád mór a athar Michael, ag tabhairt paisinéirí go hOileáin Árann an t-am ar thosaigh tráchtáil na móna ag dul i léig. Is cuimhin le Paddy dul chun farraige ag 4 r.n. agus gan cinnteacht ar bith faoin am a dtiocfaí le céibh thall. D'fhéadfadh 12 uair a chloig (agus níos mó) a bheith caite sula mbeifí ar an oileán! Giorraíodh an aistir nuair a chuir Michael inneall sa mbád den chéad uair sa bhliain 1969 ar £830 (na seanphuint).

 

Arna spreagadh ag obair a athar, cheannaigh Paddy agus a bhean Sally, an Dún Aengus, bád 48 suíochán, an chéad bhád farantóireachta in Éirinn le ceadúnas paisinéirí ar an gcósta thiar.

Sa lá atá inniu ann, tá ceathrar den chlann i mbun an ghnó, fairsingiú á dhéanamh acu ar spás na bpaisinéirí ionas go gcinntítear turas sábháilte ar a gcompord ag gach uile dhuine.

 

Na Báid Farantóireachta

Saoirse na Farraige - Freedom of the Sea - Uaslíon paisinéirí 394 - cabhail singil Wavemaster 40 méadar

Ceol na Farraige - Music of the Sea - Uaslíon paisinéirí 294 - cabhail singil Wavemaster 37 méadar

Draíocht na Farraige - Magic of the Sea - Uaslíon paisinéirí 294 - cabhail singil Wavemaster 37 méadar

Glór na Farraige - Voice of the Sea - Uaslíon paisinéirí 244 - arna tógáil ag Alfa Naval sa Fhrainc

Banríon na Farraige - Queen of the Sea - Uaslíon paisinéirí 188 - arna tógáil ag Societé Francaise de Constructions Navales, an Fhrainc.

Beidh fáilte mhór romhat ar bord shoithigh chompordacha Aran Island Ferries (tá seirbhís iomlán beáir agus sólaistí ar fáil) ag seoladh amach as calafort iascaireachta Ros an Mhíl i gConamara, Co. na Gaillimhe.

Is féidir na báid farantóireachta a fhostú go príobháideach ar cairt chomh maith leis na turais rialta a thapú.