Léirítear ar an mapa seo an bealach ó acomhal an N6/N18 soir ó Chathair na Gaillimhe go dtí an teirminéal farantóireachta i Ros an Mhíl. Tabhair ar aird le do thoil go dtógann an turas 1 uair an chloig de ghnáth, ach go bhféadfadh sé sin athrú ag brath ar an am den lá, an séasúr agus ar chúinsí tráchta sa cheantar.

Tabhair ar aird le do thoil nuair a thagann tú chomh fada leis an teirminéal farantóireachta gurb é ár gcarrchlós an chéad charrchlós ar thaobh na láimhe deise - féadfaidh tú do thicéid don bhád farantóireachta a cheannach /a bhailiú anseo - dhá nóiméad siúil ón gcéibh.

Is iad seo a leanas comhordanáidí GPS an teirminéil farantóireachta: 53° 16' 15" ó Thuaidh, 9° 33' 4" Siar (53.26598° ó Thuaidh, -9.5641° Siar).