Ceisteanna a Chuirtear go Minic/Polasaí Aisíocaíochta

Ceisteanna a Chuirtear go Minic

An bhfuil áit pháirceála ar fáil ag Dugaí na Gaillimhe?

Tá páirceáil ar fáil ag Dugaí na Gaillimhe. Tá an carrchlós suite os comhair an bhealaigh isteach chuig carrchlós Óstán an Harbour, Gaillimh (féach an léarscáil ag bun an leathanaigh le do thoil). Caithfear páirceáil a bheith curtha in áireamh roimh ré le Calafort Na Gaillimh anseo (https://theportofgalway.clr.events/event/130356:ferry-parking)

Tá carrchlóis i gcathair na Gaillimhe atá faoi fhad siúil de Dhugaí na Gaillimhe. Déan do chuid taighde roimh ré le do thoil agus tabhair dóthain ama duit féin siúl ón gcarrchlós atá roghnaithe agat chuig ceann de na hoifigí atá againn i nGaillimh chun do thicéid a bhailiú/a bhailíochtú sula dtéann tú chuig an gCalafort chun dul ar bord an bháid farantóireachta.

Óstán Jury’s, Sráid na Céibhe - Teil: 091 566 444

Óstán an Harbour, Bóthar na Duga Nua. - Teil: 091 894 800

Q-Park, An Fhaiche Mhór - Teil: 01 878 8957

Carrchlós Iarnróid/Radisson, Bóthar Loch an tSáile. - Teil: 091 530 197

Carrchlós Fhaiche an Aonaigh, Bóthar Fhaiche an Aonaigh. - Teil: 091 530 157

Carrchlós Chlós Uí Eidhin, Bóthar na gCeannaithe. - Teil: 091 563 849

An féidir carr a thabhairt isteach ar an oileán?

Níl aon bhád farantóireachta do charranna ag dul go dtí na hoileáin. Is báid phaisinéirí amháin na báid farantóireachta go dtí Oileáin Árann. Tá bád lastais á oibriú ag comhlacht eile as Dugaí na Gaillimhe trí lá in aghaidh na seachtaine. Déan teagmháil le 'Lasta Mara Teo' ar 091 562900.

Cá rachaidh mé chun dul ar bord an bháid farantóireachta?

Tabhair faoi deara le do thoil nach é do dheimhniú áirithinte do thicéad agus caithfidh GACH paisinéir a gcuid ticéad a bhailiú i gceann de na hoifigí atá againn i gcathair na Gaillimhe: 37-39 Sráid Forster nó 1 Plás Victoria (Bóthar na gCeannaithe) sula dtéann sé ar bord (féach an léarscáil ag bun an leathanaigh). Bíodh d’Aitheantas Áirithinte réidh le do thoil (tá sé seo i líne an ábhair sa ríomhphost dearbhaithe áirithinte.). Ansin is féidir leat dul ar aghaidh chuig Calafort na Gaillimhe (Éirchód: H91 E9PR) atá lonnaithe 15 nóiméad de shiúl na gcos ónár n-oifigí i gcathair na Gaillimhe. Tabharfar treoir do gach paisinéir siúl tríd an gcarrchlós chun dul ar bord an bháid farantóireachta. Beidh comharthaí ar an mbealach isteach chuig an gcarrchlós agus tá sé díreach trasna ó bhealach isteach charrchlós Óstán an Harbour.

Cén t-am is ceart dom a theacht i láthair chun dul ar bord an bháid?

Ba chóir do gach paisinéir a bheith i láthair le dul ar bord ar a laghad 30 nóiméad roimh an am imeachta.

Moltar do phaisinéirí atá ag tiomáint uair an chloig a thabhairt dóibh féin chun páirceáil, a gcuid ticéad a bhailiú i gceann de na hoifigí i gcathair na Gaillimhe agus ansin siúl go dtí carrchlós Dhugaí na Gaillimhe chun dul ar an mbád farantóireachta 30 nóiméad roimh an am imeachta.

Ba chóir do phaisinéirí atá ag siúl 30 nóiméad a thabhairt dóibh féin chun a gcuid ticéad a bhailiú i gceann de na hoifigí i gcathair na Gaillimhe agus siúl go carrchlós Dugaí na Gaillimhe chun dul ar an mbád farantóireachta 30 nóiméad roimh an am imeachta.

Ní mór am breise a thabhairt duit féin le linn bhuaic an tséasúir mar go mbíonn sé thar a bheith gnóthach.

An féidir liom an bád a mbeidh mé ag taisteal uirthi a roghnú?

Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfadh ceann ar bith den chúig bhád atá againn tú a thabhairt chuig do cheann scríbe. Tabhair faoi deara nach féidir a chinntiú go rachaidh aon bhád farantóireachta amháin ar bhealach faoi leith agus dá bhrí sin, ní féidir le paisinéirí iarratas a dhéanamh maidir leis an mbád farantóireachta ar mhaith leo taisteal uirthi.

An féidir liom éisteacht le Clostreoir ar an mbád farrantóireachta?

Is féidir Clostreoir ó chathair na Gaillimhe go hInis Mór a íoslódáil ó iTunes agus Spotify. Moltar na treoracha seo a íoslódáil roimh ré mar go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh clúdach leordhóthanach ag pointí imeachta agus ar bord chun éisteacht le treoracha fuaime i bhfíor-am.

An gceadaítear madraí ar an mbád farantóireachta?

Ceadaítear madraí ar an mbád farantóireachta ach caithfidh siad a bheith ar iall agus fanacht amuigh ar an deic an t-am ar fad.

An féidir liom mo rothar féin a thabhairt ar an mbád farantóireachta?

Is féidir ach níl mórán spáis againn do rothair ar an mbád farantóireachta agus mar sin molaimid duit an spás a chur in áirithe nuair a bhíonn an ticéad don bhád farantóireachta á chur in áirithe agat. Ná bíodh rothar agat ag na Dugaí mura bhfuil sé curtha in áirithe roimh ré. Is é an costas a bhaineann le rothair a thabhairt isteach agus amach €20.00 (€15.00 ar thuras singil). Ní mór do phaisinéirí a bhfuil rothair leictreacha acu tarscaoileadh a shíniú agus an cadhnra a bhaint as sula dtéann siad ar bord. Is féidir rothair a fháil ar chíos in Inis Mór ar chostas €20 in aghaidh an lae.

An nglactar le Pasanna Saorthaistil?

Ní ghlactar le Pasanna Saorthaistil ar thurais ó Dhugaí na Gaillimhe. Is féidir le daoine a bhfuil Pasanna Saorthaistil acu iad a úsáid ar thurais ó Ros an Mhíl.

Cad a tharlóidh má chuirtear an bád farantóireachta ar ceal mar gheall ar dhrochaimsir?

I gcásanna den sórt sin, beimid breá sásta do thicéad a athrú chun taisteal lá eile nó tabharfar aisíocaíocht iomlán duit. Féach ar an bpolasaí aisíocaíochta iomlán thíos.

Cad ba chóir dom a thabhairt liom?

Moltar ceamara, bróga compordacha, seaicéad báistí maith, sciath gréine (tá muid in Éirinn ach ní bheadh a fhios agat!) agus beagán airgid tirim a thabhairt leat. Ní ghlacann roinnt gnólachtaí ar an oileán le cárta creidmheasa agus tá polasaí íoschaiteachais i bhfeidhm ag cuid acu. Beidh cluasáin ag teastáil chun éisteacht leis an gclostreoir ar bord.

An bhfuil na báid farantóireachta fós ag imeacht as Ros an Mhíl?

Tá. Imíonn na báid farantóireachta ó Chríochfort Farantóireachta Ros an Mhíl (H91 W9K1) agus seolann siad chuig na trí oileán i gcaitheamh na bliana.

An eagraíonn sibh lóistín ar Oileáin Árann nó i gCathair na Gaillimhe?

Ní eagraímid lóistín do phaisinéirí ar aon cheann de na hoileáin ná ar an mórthír. Féach thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar roghanna lóistín.

Cén áit a bhféadfainn fanacht ar Inis Mór nó i gCathair na Gaillimhe?

Féach na leathanaigh seo a leanas le haghaidh liosta lóistín ar Inis Mór. Tá liosta d’Óstáin / Brúnna i nGaillimh ar ár leathanach naisc agus sonraí maidir le hiompar atá ar fáil timpeall na tíre ar féidir leat leas a bhaint as.

Polasaí Aisíocaíochta

Beidh aisíocaíocht iomlán ar fáil má chuirtear seoltóireacht ar ceal mar gheall ar shrianta Covid-19, ar choinníoll go mbeidh fógra 24 uair an chloig faighte againn roimh ré. Is féidir le paisinéirí a n-áirithint a athrú go dáta eile freisin.

Tá aisíocaíocht iomlán ar fáil má chuirtear seoltóireacht ar ceal i gcás drochaimsire nó coinníollacha farraige, nó is féidir leat taisteal ar an gcéad seoltóireacht eile atá ar fáil.

Ní thugtar aon aisíocaíocht má chuirtear áirithintí ar ceal laistigh de 24 uair an chloig roimh am imeachta.

Ní thugtar aon aisíocaíocht má chuirtear áirithint in áirithe agus ar ceal laistigh de 24 uair an chloig ón am imeachta.

Ní thabharfar aisíocaíochtaí do ghrúpaí (10 duine ar a laghad) a chuireann an turas ar ceal laistigh de 48 uair an chloig.

Oibrímid ó dhá phointe imeachta (Cathair na Gaillimhe agus Ros an Mhíl). Tabhair faoi deara le do thoil más mian leat do phointe imeachta nó fillte a athrú/a aistriú, go dteastaíonn fógra 24 uair an chloig uainn agus is féidir é sin a dhéanamh ach teagmháil a dhéanamh linn ag an uimhir 091 568 903 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@aranislandferries.com.