Cuirfear fáilte mhór romhat ar na soithigh compordacha agus beidh amharc breá agat ar an gceantar le cósta agus ar Chuan na Gaillimhe. Is féidir tae, caife agus sólaistí a fháil nó leas a bhaint as beár lánchóirithe ar an turas 40 nóiméad.

Bus Tointeála

Tá éascaíocht ag baint leis an tseirbhís tointeála bus as Cathair na Gaillimhe (Victoria Place) nó is féidir do charr féin a úsáid agus turas deas aon uair a chloig a dhéanamh le Slí an Atlantaigh Fhiáin go dtí an críochfort i Ros an Mhíl.

An Críochfort Farantóireachta

As calafort Ros an Mhíl i gConamara, 37 ciliméadar siar as Cathair na Gaillimhe, a fhágann na báid paisinéirí go hoileáin Árann. Is féidir páirceáil i gcarrchlós ag an gcéibh ar tháille €7 / 24 uair a chloig.

Sonraí Teagmhála

Má tá eolas breise ag teastáil faoi na turais bháid, is féidir glaoch nó siúl isteach i gceann de na hoifigí i nGaillimh nó i Ros an Mhíl.