Turas Thar Oíche chuig Oileáin Árann agus Aillte an Mhothair

Faigh blaiseadh de chultúr traidisiúnta na hÉireann ar Oileáin Árann agus téigh ar chrús chuig Aillte an Mhothair, a bhfuil clú agus cáil orthu, ar thuras thar oíche ó chathair na Gaillimhe.

 

 

Is féidir le paisinéirí sult a bhaint as na tránna gainimh, na dúnta cloiche agus an suaimhneas saoil ar Inis Mór sula dtéann siad go dtí Aillte an Mhothair, atá os cionn 200 méadar ar airde. Tá na hAillte ann le breis is 300 milliún bliain agus is féidir a scála ollmhór agus a n-áilleacht gharbh a fheiceáil i ndáiríre ón bhfarraige. Is féidir an choilíneacht éan mara is mó in Éirinn a fheiceáil, ‘Staca Farraige An Bhranáin Mhóir’ agus pluais farraige atá le feiceáil sa scannán ‘Harry Potter & the Half Blood Prince’. Bí ag faire amach do phuifíní, deilfeanna, rónta agus liamháin ghréine a mhaireann sna farraigí seo.

Tapaigh an deis ar feadh cúpla nóiméad chun aer úr na farraige a fháil agus faigh amach faoi fhiadhúlra, nádúr agus stair Chósta Thiar na hÉireann.

Dátaí na dTuras

Turais laethúla: 4 Meitheamh - 30 Lúnasa

 

Amanna na dTuras

Ag imeacht as Dugaí Chathair na Gaillimhe: 9.30rn

In Inis Mór (Céibh Chill Rónáin): 11rn

Ag imeacht as Inis Mór (Céibh Chill Rónáin): 3.30in

In Aillte an Mhothair: 4.15in

Ag imeacht as Aillte an Mhothair: 4.30in

I nDugaí Chathair na Gaillimhe: 6in

 

Praghsanna na dTuras

Duine Fásta: €49.00

Mac Léinn: €44.00

Duine Aosta: €44.00

Leanbh: €25.00

 

Tá rátaí teaghlaigh ar fáil agus is féidir iad a chur in áirithe go díreach tríd an oifig.

Téigh i dteagmháil linn ag an uimhir 091 568 903 nó seol ríomhphost chuig info@aranislandferries.com chun tuilleadh eolais a fháil.

Clostreoir

Íoslódáil do Chlostreoir don turas seo ag Podchraoltaí Apple agus/nó Spotify sula dtéann tú ar bord. Féach an nasc anseo le haghaidh tuilleadh roghanna.

Báid

Tabhair faoi deara le do thoil go dtabharfaidh ceann ar bith den chúig bhád atá againn chuig do cheann scríbe tú. Ní féidir a chinntiú go rachaidh bád farantóireachta áirithe ar bhealach áirithe ag am ar bith.

An bhfuil ceist agat?

Féach ar na Ceisteanna a Chuirtear go Minic agus ár bPolasaí Aisíocaíochta ANSEO.

Route Map

Lascaine 10% Ar Líne


Itinerary
09:30 Imeacht Dugaí Cathrach na Gaillimhe
11:00 Sroich Inis Mór (Cé Kilronan)
Thar oíche ar an Oileán
15:30 Imeacht Inis Mór (Cé Kilronan)
16:15 Sroich Aillte an Mhothair
16:30 Imeacht Aillte an Mhothair
18:00 Teacht ag Dugaí Cathrach na Gaillimhe
Roghnaigh líon na dTicéad
?
€49.00 (an ticéad)
? Baineann táille dhuine aosta le haon duine 65+
€44.00 (an ticéad)
? Baineann táille mic léinn le haon duine 13+ atá ag dul faoi oideachas go lánaimseartha (taispeántar cárta aitheantais reatha agus na ticéid á mbailiú)
€44.00 (an ticéad)
? Leanaí faoi bhun 5 bhliana d'aois saor in aisce (ní mór glaoch chun spás a chur in áirithe)
€25.00 (an ticéad)
? Manual Bike Transfer (Non-Electric Bicycles Only)