Cairt Sábháilteachta COVID-19

Réamháirithintí Ar Líne

Ba chóir gach áirithint a dhéanamh ar líne roimh do thuras chun na rialacháin a chomhlíonadh.

Cuir do thuras in áirithe roimh ré le do thoil ag baint úsáide as ár gcóras áirithinte. Tá sonraí paisinéirí riachtanacha chun rianú teagmhála a chuir i bhfeidhm.

Córas Glantachán

Tá gach oifig agus gach bhád díghalraithe go mion agus go dtí an chaighdeán is airde. Déanann ár foirne agus ár criú é seo tar éis gach seoladh, ag tabhairt aird ar leith ar na pointí tadhaill ar nós na hanla dorais, srl.

Oifig Thicéad

Tabharfaidh an foireann atá san oifig cúnamh duit taobh thiar de scagaire phlaisteach. Molaimid do phaisinéirí a cuid clúdaigh aghaidhe féin a thabhairt leo, agus iad a úsáid nuair atá siad ag bailiú na ticéid.

Tá uasmhéid de bheirt chustaiméir ceadaithe isteach san oifig ag aon am amháin chun scaradh sóisialta a chinntiú.

Iarraimid nach gcuirfidh ach ball amháin de do ghrúpa iad féin i láthair inár n-oifig agus iad ag bailiú ticéad. Tabhair éadaí báistí leat mar b’fhéidir go mbeidh ort scuaine lasmuigh.

Má tá tú inár n-oifig i Ros a' mhíl, tabharfar treoracha iomlána duit maidir le cá háit le scuaine chun dul ar bord ár mbád farantóireachta.

Tá díghalrán lámh ar fáil i ngach oifig agus molaimid do gach custaiméir iad a úsáid.

Beidh gach cuntar agus na pointí tadhaill (hanla dorais, lascanna, méarchláir, luchóig, gutháin) sna hoifigí díghalraithe go rialta.

Nuair atá tú san oifig, le do thoil, cloígh le na prótacail scaradh sóisialta. Nigh do lámha go maith agus clúdaigh do bhéal le muinchille nó le ciarsúr páipéir nuair atá tú ag casacht nó ag sraothartach.

Tabhair do d'aire le do thoil nach féidir linn málaí a stóráil d’aon phaisinéirí inár n-oifig.

Na Báid

Tá an acmhainn laghdaithe againn ar gach bhád farantóireachta chun scaradh sóisialta a chinntiú.

Tá sé éigeantach clúdaigh aghaidhe a chaitheamh ar bord don t-am ar fad. Molaimid do phaisinéirí a gclúdaigh aghaidhe féin a thabhairt leo. Beidh na Gardaí, an Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte agus an bhainistíocht shinsearach ag déanamh spotsheiceáil rialta chun comhlíonadh a chinntiú.

Tabhair do d'aire le do thoil, b’fhéidir nach féidir na treoirlínte um scaradh sóisialta a mholtar a chur i bhfeidhm i gcónaí. Tá clúdaigh aghaidhe éigeantach chun gach paisinéir ar bord a chosaint.

Tá díghalrán lámh agus gallúnach frithbhaictéarach ar fáil ar bord. Beidh gach paisinéir treoraigh chuig stáisiún díghalrán lámh agus beidh orthu é a úsáid roimh bordáil.

Iompar na bPaisinéirí

Lean na treoracha a thugann an criú an t-am ar fad.

Le do thoil, fan i do shuíochán ar feadh tréimhse an turas. Má tá cúnamh ag teastáil uait, cuir ball den chriú ar an eolas.

Molaimid duit an leithreas a úsáid roimh bordáil agus más féidir, chun iarracht a dhéanamh riosc a laghdú, ná húsáid na leithris ar bord. Tá leithris ar fáil san bpríomh oifig.

Ar feadh achar an turas, le do thoil, cloígh le na prótacail scaradh sóisialta. Nigh do lámha go maith agus clúdaigh do bhéal le muinchille nó le ciarsúr páipéir nuair atá tú ag casacht nó ag sraothartach.

Beidh comharthaí ar bord chun ár dtreoirlínte sábháilteachta a athrá agus a mheabhrú do phaisinéirí.

Ní bheidh an criú in ann cabhrú le paisinéirí a gcuid málaí / bagáiste a thuilleadh.

Ba mhaith linn a chuir i gcuimhne d'ár bpaisinéirí go bhfuil dualgas cúraim acu dá gcomh-phaisinéirí.

Ar Theacht

Cloígh le scaradh fisiceach ar an gcé.

Cloígh le do thoil le córais aonbhealaigh atá ar an gcé.

Cloígh le do thoil le comharthaíocht chomhairleach agus le haon treoracha eile a thugann an fhoireann.

Tointeálaí

Tá an bus tointeála idir Cathair na Gaillimhe agus Ros a' mhíl ag feidhmiú ag toilleadh 50% de réir threoirlínte an rialtais. Fágann sé sin go bhfuil sé an-tábhachtach réamh-áirithint a dhéanamh chun cabhrú linn ullmhú le go mbeidh go leor spáis ann chun fáilte a chur roimh gach paisinéir.

Caithfear clúdaigh aghaidhe a chaitheamh ar an mbus. Molaimid do phaisinéirí a gclúdaigh aghaidhe féin a thabhairt leo.

Tá díghalrán lámh ar fáil ar bord agus iarraimid ar gach paisinéir é a úsáid nuair atá siad ag bordáil.

Tá gach feithicil cóireáilte le soláthar glantachán frithvíreas agus frithbhaictéarach idir gach seirbhís agus ag deireadh an lae.

In iarracht teagmháil dromchla a laghdú, ní chuideoidh ár dtiománaithe ach le bagáiste mar a iarrtar.

Má tá aon cheist agat, cabhróidh do thiománaí leat ar aon bhealach is féidir.

Ullmhaigh le haghaidh Fáilte Chroíúil

Ullmhaigh le haghaidh fáilte chroíúil ar bord na báid farantóireachta; Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh phaisinéirí arís agus tá súil againn go mbeidh am taitneamhach agaibh ar Oileáin Árann.

Beannachtaí libh go léir ó Chlann Uí Bhriain, agus an foireann ar fad ag Aran Island Ferries.

Má tá aon cheist agat maidir lenár gCairt Sábháilteachta, seol ríomhphost chuig: info@aranislandferries.com nó glaoigh ar: 091 568903